Fáilte go suíomh Gréasáin na Roinne Oideachais agus Scileanna maidir le Rátáil Fuinnimh Scoileanna. Ar aon dul leis an reachtaíocht nua (féach roinn EPBD) beidh teastas rátála fuinnimh de dhíth maidir le gach foirgneamh poiblí, teastas a thaispeánfaidh an méid fuinnimh a ídíodh agus na hastaíochtaí carbóin a gineadh in aon bhliain amháin. Beidh ar scoileanna an teastas sin a chur ar taispeáint in áit phoiblí sa scoil.
Ar an suíomh Gréasáin seo beidh scoileanna in ann Teastas Taispeána Fuinnimh (TTF) sealadach a ghiniúint ar an toirt chun monatóireacht a dhéanamh ar a éifeachtaí atá a gcuid beart éifeachtúlacht fuinnimh. Daingneoidh Fuinneamh Inmharthana Éireann (SEAI) an rátáil dá éis sin agus cuirfear teastas oifigiúil go dtí an scoil leis an bpost. Is é an suíomh Gréasáin féindheimhniúcháin seo an t-aon slí do scoil in Éirinn Teastas Taispeána Fuinnimh bailí a fháil.
Ar an suíomh Gréasáin seo ríomhtar Rátáil Fuinnimh Foirgnimh na scoile de réir na modheolaíochta náisiúnta d’fhoirgnimh phoiblí. Tomhaistear an méid fuinnimh a ídítear i kWh/m2 ionas gur féidir scoileanna beaga a chur i gcomparáid le scoileanna ar bhonn foirgneamh le foirgneamh.
Toisc gurb é seo Bliain 3 den phróiseas seo bí cinnte gurb iad billí breosla maidir leis an tréimhse 1 Meán Fómhair 2009 go 31 Lúnasa 2010 a thomhaistear.
Ginfidh scoil Teastas Taispeána Fuinnimh bunaithe ar an ídiú fuinnimh reatha ach sonraí an fhuinnimh a ídíodh agus eolas mar gheall ar an bhfoirgneamh féin a chur isteach sa suíomh Gréasáin. Gheobhaidh siad chomh maith leathanach ar a mbeidh comhairle mhionsonraithe maidir le bearta spárála fuinnimh a d'fhéadfaí a chur i ngníomh sa scoil. Roghnaítear na bearta comhairleacha seo de réir na bhfreagraí a chuirtear ar fáil san Fhoirm Ionchuir TTF ar an suíomh Gréasáin.
Bealach is ea an suíomh Gréasáin seo do scoileanna torthaí a gcuid iarrachtaí féin chun fuinneamh a bhainistiú a chur i gcomparáid le tagarmharc a bheidh bunaithe ar bhainistíocht fuinnimh i scoileanna ar fud na tíre. Cuirfidh sé sin ar chumas na scoile
bearta eile a dhéanamh chun an méid fuinnimh a ídítear sa scoil a laghdú agus a lorg carbóin a laghdú ag an am céanna.
Ní hionann aon dá scoil ná ní hionann na dálaí a rialaíonn ídiú fuinnimh iontu. An chomhairle a chuirtear ar fáil ar an suíomh Gréasáin seo, ceapadh é chun moltaí a dhéanamh le scoileanna faoin tslí le fuinneamh a spáráil, moltaí a bheadh bunaithe ar na sonraí a fuarthas ón scoil.