Fáilte romhat go suíomh Gréasáin Fuinneamh sna Scoileanna de chuid na Roinne Oideachais agus Scileanna. Taispeánfaidh an suíomh Gréasáin seo do scoileanna na slite is déanaí le fuinneamh a spáráil sna scoileanna agus conas bheith níos tíosaí maidir leis an bhfuinneamh a ídíonn siad iarbhír.
Ar clé feicfidh tú naisc chuig suíomh Gréasáin an Teastais Taispeána Fuinnimh. Gheofar nasc ann chomh maith chuig na foilseacháin is déanaí ón Roinn Oideachais agus Scileanna, foilseacháin a d'fhéadfadh a bheith inspéise duit.
Soláthraíonn suíomh Gréasáin an Teastais Taispeána Fuinnimh (TTF) modh saor in aisce do scoileanna chun rátáil fuinnimh a scoil féin a dheimhniú chun géilleadh do reachtaíocht EPBD. Gheofar tuilleadh eolais mar gheall air sin ar an suíomh féin. Is féidir na sonraí maidir le conas an fhaisnéis a bhailiú agus an tslí lena hionchur a íoslódáil ar leathanach 1 den Roinn Ionchuir TTF.
Gheofar tuilleadh eolais ar Scéim na nOibreacha Samhraidh 2010 agus ar Bhearta Caomhnaithe Uisce a fógraíodh le deireanas ach an nasc ar clé a úsáid.